Cé hiad na anamacha créachtaithe a bheadh a chur ar an teanga ó mo bhéal? Éigniú gach duine breá liom mar atá mé adh? Tóg amach mo lámha agus a thabhairt dom arán goidte? Lig mo chroí dul ocras, agus adhlacadh mo corp tuartha i dtalamh goidte? Is é an t-am go luath, nuair a bheidh mo fhírinne adh a bhraith cosúil le céad míle ciorruithe scian ag gach duine a dhéanamh dom a chaitheamh a n-bróga.
Frantz Fanon agus Díchoiliniú
By Feargal Mac Ionnrachtaigh
‘Emancipate yourselves from mental slavery, none but ourselves can free our minds’- Bob Marley, Redemption Song
Tháinig an líne chlúiteach seo ó amhrán iomráiteach de chuid Bob Marley chun solais dom ag deireadh na seachtaine agus mé ag comhdháil Eorpach i bPáras. Comhdháil ar leith a bhí ann ag déanamh comóradh 50 bliain ar bhás Frantz Fanon. Is mar shíceolaí, teoiricí réabhlóideach agus fealsúnaí is mó atá iomrá ar Fanon a d’imir ról ceannasaíochta sa ghluaiseacht réabhlóideach san Algéir sna caogaidí agus luathseascaidí. D’éag Fanon de bharr Lukemia ag aois 36 agus d’fhág smaointe s’aige rian cinniúnach ar ghluaiseachtaí cultúrtha agus polaitiúla ar fud na cruinne ó shin i leith. Tá clú go háirithe ar an leabhar deireanach a scríobh sé, The Wretched of the Earth, a thug léargas glinn dúinn ar tionchar neamhthrócaireach an choilíneachais agus an chiníochais ar a gcuid íobartach. Níos tábhachtaí, áfach, leag sé fís chumachtach agus radacach amach faoin streachailt dhíchoilínithe atá ag teastáil chun dul i ngleic leis an dídhaonnú a shíolraíonn ón phróiseas choilíneach.
Dar le Fanon go raibh trí chéim ar leith arbh éigean dul tríd sa phróiseas díchoilínithe. Ar dtús, bhí ar na bundúchasaigh aithint go ndearnadh comhshamhlú iomlán orthu ag an chumhacht forghabhála; sa dara céim, go mbeadh ar intleachtóirí dúchasacha pilleadh ar an stair s’acu agus ar thábhacht an chultúir dhúchais; agus sa chéim dheireanach go ndéantar iarracht mhór chun na bundúchasaigh a hathmhuscailt agus a spreagadh trí athbheochan chultúrtha agus litríochta. Más rud é go n-éiríonn leis an athbheochan chultúrtha seo i gcomhthéacs an choilíneachais, dar le Fanon, spreagfar streachailt níos leithne ar son fuascailte agus neamhspleáchais náisiúnta. ‘To fight for national culture’ arsa Fanon, ‘means first and foremost to fight for the liberation of the nation, that material keystone which makes the building of a culture possible’.
Sa chaint a thug mise ag comhdháil Fanon i bPáras, d’úsáid mé an sainmhíniú ar an díchoilíniú thuas chun cur síos a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge in Éirinn ó Chonradh na Gaeilge go hÉirí Amach na Cásca in 1916. Lena chois sin, le neart samplaí ó dhíograiseoirí a ghlac páirt san athbheochan chomhaimseartha sna blianta i ndiaidh na Stailce Ocrais in 1981, thagair mé don rian idé-eolaíoch atá ag smaointeoireacht Fanon go fóill anuas go dtí an lá inniu. D’éist mé le cainteoirí eile ó Fhrainc, ón Phalaistín, Meiriceá aáidíneach, an Nigéir, An Afraic Theas agus pobal gorm Mheiriceá Thuaidh ag déanamh compáraidí comhchosúla ag baint feidhme as teoiricí Fanon chun stair agus polaitíocht logánta s’acu a chíoradh.
Mar sin féin, an chaint is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, ná an méid a bhí le rá ag saineolaí ar an Afraic Theas a bhain úsáid as rabhadh dorcha Fanon ar chontúirtí an nuachoilíneachais. Scríobh Fanon go raibh baol ollmhór ann go dtiocfadh aicme de ‘náisiúntóirí buirgéiseacha’ chun cinn tar éis do ‘neamhpléachas foirmeálta’ teacht i gcrích a bheadh ag cur i bhfeidhm córas chomh éagothrom céanna leis an ré choilíneach. Léirigh sé gurb amhlaidh atá an scéal in Afraic Theas Nua an lae inniu ina bhfuair daoine an chéad chun vótáil ach ní an comhionannas eacnamaíochta ar gealladh daofa. D’fhorbair aicme shabhir ghorm sa ré úr agus d’ardaigh an t-anró agus bochtánas don chosmhuintir is boichte sa tréimhse chéanna. Is le croí trom a chuir an chainteoir síos ar na círéibeanna fíochmara uisce agus leictreachais in 2005 nuair a chuir rialtas an ANC cos ar bholg ar gach aon fheachtasaíocht ar son ceart bunúsach. Léirigh Fanon go raibh difear idir ‘neamhspleáchas’ agus ‘fuascailt’ agus gur ghá bheith airdeallach ar an fhíric seo. Is cinnte go bhfuil fís dhíchoilíneach chun fuascailte s’aige chomh feiliúnach sa lá inniu agus a bhí ariamh gach aon áit ina bhfuil rian an choilíneachais le mothú go fóill.